Cuala agus Cumann na mBunscol

Imreofar Craobhacha Camógaíochta agus Iomana Chumann na mBunscol i bPáirc an Chrócaigh Dé Luain agus Dé Máirt seo chughainn, 9 agus 10 Meitheamh.

Ar an Luan ag 13.20 imreoidh Carysfort le Denis Monaghan agus Orla O Brien i gCraobh Chorn Harry Conlon i gcoinne Loretto Deilginis lena múinteoir Derek Saville, mar a bhfuil Fiona McKenna ina príomhoide.  Go n-éirí go geal leis an dá scoil.

Agus ar Super-Tuesday feicfimid:

10.00 buachaillí Ghaelscoil na Fuinseoige, mar a bhfuil Cathaoirleach Cuala Aisling Uí Fhéich ina príomhoide, i gCorn JMOB.

11.10 cailíní Scoil Lorcáin, mar a bhfuil Colmán Ó Drisceoil ina phríomhoide, ag imirt camógaíochta i gCorn Fintan Walsh.

12.10 cailíní Divine Word, mar a bhfuil leasChathaoirleach Cuala John Sheanon ina Phríomhoide, i gCorn Bhean Uí Phuirséil

14.20 buachaillí Bhaile Eoin/ Johnstown leis na múinteoirí Emmet Murphy, Micheál Kelly agus Ciara Byrne ag imirt i gCorn Frank Cahill.

Tá sé iontach an méid seo scoileanna a bhfuil baint láidir ag Cuala leo, agus go speisialta an méid sin páistí a imríonn le Cuala ag fail deiseanna imirt i bPáirc an Chrócaigh.  Is léiriú é seo ar an obair iontach atá ar siúl le blianta ag Cuala agus ag fochumainn eile sa chontae maidir leis na cluichí Gaelacha do bhuachaillí agus do chailíní.  Go n-éirí go geal leo go léir.  Míle buíochas leis na múinteoirí a chaitheann a gcuid ama féin le cur chun cinn na gcluichí Gaelacha sa cheantar.

Cuala abú.  Cumann na mBunscol abú.

 

Grianghraif: Scoil Lorcáin thuas agus Loreto thíos