Is le doilíos croí a chuirimid in iúl gur cailleadh Fiachra Ó Marcaigh – fear céile ionúin Jessica agus athair dílis Fhinn, Mhalachi agus Oscair.
Ba bhall de Chuala le fada é Fiachra a thug aire do ghrúpaí éagsúla d’ár n-imreoirí – ‘our Cuala lads’ mar a thugadh sé orthu.
Sinne a raibh aithne againn ar Fhiachra, tuigimid, i lár an bhróin, an t-ádh a bhí orainn aithne a bheith againn air.
Mhaitheamar dó go raibh baint ag a athair le bunú ‘Na Fianna’ mar go raibh sé féin chomh dílis do Chuala agus ‘our Cuala lads’.
Rinne sé cinnte, i gcónaí, go bhfuair gach imreoir seans imeartha, cuma cén cumas. Ba chuid de rud níos mó gach duine againn.
Ina phearsantacht bhí sé dáiríre, oscailte agus cineálta.
Is ina bhoige a bhí a neart.
Fear uasal Gaelach, ball de ‘our Cuala lads’
Sochrú sochraid anseo
Ar dheis Dé go raibh a anam dílis