Is le brón mór go tuairiscímid gur cailleadh Bríd Ó’Tighearnaigh.

Ó TIGHEARNAIGH (née Glynn), Bríd – 29ú lá Aibreán, 2019, go síochánta. Céile ionúin Fhearguis le breis agus 50 bliain agus máthair Dhearbhail, Ríonach, Chathail, Fhionáin agus Chormaic. Máthair céile do Johnny, Maurice, Bríd, Claudia agus Eibhlín. Fiorghean ag a 21 garpháiste uirthi. Méala mór a bás dá páistí, garpháistí, deirfiúracha Nellie, Teresa, agus Greta, a muintir agus a hiliomad cairde. Cuimhnimid, chomh maith, ar a deirfiúr Bernie, agus a deartháireacha Paddy, Jimmy agus Seán. Ag luí Dé Ceadaoin i dTeach Tórraimh Ui Chuinn i nGlas Tuathail óna 5-7 i.n. Aifreann ar an Deardaoin seo ag 10 a chlog i Seipéal Naomh Áine, Seanchill, agus créamadh ina dhiaidh sin ag Mount Jerome. Gan aon bhláthanna le do thoil. Leaba i measc na Naomh di.